Dhá dhream atá scoilte ag an teanga chéanna

Táim ag scríobh an bhlag seo th’éis dom dá halt a léamh i nGaelscéal, an buncheann ag Colm Ó Broin agus freagra scríofa ag cara maith liom, Scott de Buitléir. Tá siad beirt ag plé le ceist na hathbheochana Gaeilge, agus an fhadhb atá againn leis na canúintí agus le foghraíocht na teanga. Seo fearann contúirteach, agus conspóideach! Nílim ach chun cúpla smaoineamh agus mo thuairimí fhéin a roinnt ar an ábhar seo.
Ní dóigh liom go mbeidh an Ghaeilge ina príomhtheanga sa tír seo go deo, ar an drochuair. Caithfidh muid a bheith réalaíoch faoin bhfiric sin. Sin ráite, tá seans ann go mbeidh sí ina mionteanga bheo bhríomhar, agus ceapaim go bhfuil sin le feiceáil anois, ar bhealaí. Beidh orainn a thuilleadh iarrachtaí a dhéanamh chun í a chur chun cinn i gceart, agus buailfidh muid le constaicí gan amhras (.i. mar gheall ar an gcúlú eacnamaíochta seo, le Gaeilgeoirí ag dul ar imirce agus rialtas gan spéis sa teanga nach bhfuil chun airgead a thabhairt don chúis.)
An rud a chuireann faitíos go mór mór orm ná an deighilt seo atá rí-shoiléir i measc lucht na Gaeilge. Is cuimhin liom ráiteas ag Yeats faoi Éirinn, rud eicínt mar “an tír chomh beag sin, ach an iomarca fuatha inti”! Tá an ceart aige! Is mionphobal é pobal na Gaeilge, agus ba chóir go mbeidh muid aontaithe agus ag réiteach lena chéile! Ach níl sin mar atá, faraor. Braithimse i mo shaol é, caithfidh mé a admháil, sa méid is nach mbím ar mo chompord i measc mhuintir na Gaeltachta. (Tá sé go dona a rá, ach táim níos compordaí agus mé ag caint le Gaeilgeoirí Meiriceánacha!) Bíonn faitíos orm go ndéanfaidh mé botún, agus nach mbeidh mé in ann duine Gaeltachta a thuiscint. Bíonn faitíos orm a bheith sa nGaeltacht, óir nach cuid den phobal mé. Is outsider mé. Ar an ollscoil, cuireadh béim ar theanga, stair agus chultúr saibhir na Gaeltachta. Agus cuireann sin an-bhrú ar an nGaeilgeoir uirbeach, agus tugann sé coimpléasc dó a chuireann isteach ar a chumas teanga. Tá an grá céanna (nó b’fheidir níos mó, i gcásanna áirithe!) ag lucht Ghaeilge na gcathracha don teanga agus don chultúr, ach beidh muid lasmuigh den scéal go deo. Beidh muid íochtarach ó thaobh na Gaeilge dhe go choíche. Tá muid chomh éagsúil óna chéile. Is pobal réasúnta dúnta í an Ghaeltacht, óir go bhfuil siad ar a gcosaint fhéin, is cosúil. Táimse in ann sin a thuiscint, gan amhras. Tá siad chomh iargúlta sin, agus is cuma leis an rialtas atá suite i mBleá Cliath. Is coimeádaithe an traidisiúin iad muintir na Gaeltachta, agus tá cuid againn sna cathracha ag iarraidh ár gcultúr a fháil ar ais dúinn fhéin. Feictear dom, áfach, nach bhfuil an Ghaeltacht réidh leis an eolas rúndiamhair seo a roinnt linn. Ach nach Éireannaigh muidne freisin? Nach Gaeil muid freisin, óir go bhfuil an teanga againn? Ach an bhfuil? Agus an bhfuil an teanga againn i ndáiríre, fiú?? Is fuath liom an pholaitíocht a bhaineann leis an teanga! Actually, tá faitíos orm leis seo a rá, ach feictear dom go bhfuil lucht na Gaeltachta níos oscailte roimh dhaoine ó thíortha eile ag teacht isteach chun an teanga a fhoghlaim. Ní dóigh liom gur rud Gaelach sin, ach rud Éireannach sa méid is nach mbaineann sé leis an nGaeilge amháin…

Is Gaeilgeoir Bhleá Cliathach mé, agus tá difear idir an cur amach atá agam ar an teanga ná mar a bheadh ag duine as an nGaeltacht. Dá bhrí sin, ní bheidh an teanga céanna againn. I dtosach, d’fhoghlaim mé an teanga, níl sí agam ó dhúchas, agus ní labhraíonn éinne de mo mhuintir í. Bhí múinteoirí scoile agam as Ciarraí, ach roghnaigh mé Gaeilge Chonamara nuair a shroich mé an ollscoil óir go raibh mo dhaideo as Gaillimh. Mar sin, tá mo chuid foghraíochta measca; caithfidh mé a bheith comhfhiosach leis an mbealach a fhoghraím mo chuid focla. Agus tú i mbun comhrá nádúrtha, áfach, imíonn sin as an bhfuinneog! Tá tú ag triail lena bheith liofa, chun tú fhéin a chur in iúl. Freisin, nílim chun mo réimse focla a leathnú de réir na canúna atá roghnaithe agam – bainim leas as an bhfrás “go hainnis” nuair a bhíonn rud eicínt really go dona. Thaitníonn an fhuaim liom chun an bhrí a chur in iúl! Go hainnis! Táimse fós ag iarraidh an chanúint Chonnachta a bheith agam, ach le mo bhlas Bhleá Cliathach fhéin a choimeád – nílim chun a bheith ‘bréag’ dom fhéin, sin m’ fhéiniúlacht. Éiríonn rudaí níos casta fós: táim i mo chónaí i gcontae Lú anois, agus tá nasc anseo le Gaeilge Uladh. Freisin, óir go bhfuilim ag foghlaim na Gàidhlige, tháinig an smaoineamh chugam gur chóir dom aistriú go Gaeilge Uladh. Ach táim ag leanacht le Gaeilge Chonnachta mar gheall ar mo dhaideo. Sin mo stair pearsanta.
Is foghlaimeoir mé. Beidh mé i m’ fhoghlaimeoir go deo, ach chun an fhírinne a rá, nach bhfuilimid uilig inár bhfoghlaimeoirí nuair atá mionteanga i gceist? Ní bhíonn an réimse teanga chomh leathan sin ag cainteoirí mionteangacha, is cuma cén sórt duine nó cé as tú. Tá stór focal éagsúil againn atá ag brath ar na spéiseanna atá againn. Mar shampla, tá ainmneacha na n-éanacha ar eolas agam, agus níl siad ag cúpla daoine ar a bhfuil aithne agam, ollaimh ollscoile ina measc. Agus ní drochrud sin; níl tuairim dá laghad agam maidir le spórt as Gaeilge, óir nach bhfuil spéis agam ann! Is cuimhin liom nuair a chuaigh mé chuig an nGaeltacht don chéad uair, i gCorca Dhuibhne, agus chuir muid mearbhall ar bhean an tí nuair a d’iarr muid uirthi cá háit a raibh an cuisneoir. “Cuis-neoir? Cad é sin?” adúirt sí, agus nuair a mhínigh muid é di, dúirt sí “Ó! An fridge!” 
Okay, chun díriú anois ar an teanga, ar na canúintí agus ar an bhfoghraíocht. Táim chun Gaeilge Bhleá Cliath a chosaint anseo (ar ndóigh!). I dtosach, aontaím le Scott nuair a deir sé gur rud nádúrtha é go bhfuil canúintí éagsúla Béarla ann i mBÁC, agus go gciallaíonn seo go mbeadh canúintí éagsúla Gaeilge ann freisin. Is cathair iltíreach í BÁC, agus tá meascán de chuile rud ann. Tá Bleá Cliathaigh dúchasacha ann, tá daoine ann as an tuaithe, tá daoine ann as tíortha eile. Chuile dhuine uilig measctha lena chéile. Mar sin, tá blasanna, nósanna cainte agus teangacha de chuile shórt ann. Agus cruthaíonn sin rud nua, comhtháthú de shórt eicínt. Mar a dúirt mé cheana, beidh an Ghaeilge in ann maireachtáil sna cathracha óir go bhfuil siad i lár na nua-aoise. Tá an Ghaeilge ag athrú sna cathracha, tá sí in úsáid ag daoine ar bhealaí éagsúla. Ní mór do Gaeilgeoirí an t-alt ag teangeolaí Brian Ó Broin, ‘Schism fears for Gaeilgeoirí‘, a léamh. Deir sé
The language is being spoken in all corners of the country (and abroad), and while it might be changing radically, particularly in this current generation, there is no evidence of it dying out. …we can only wait to see what sort of Irish the next generation of urban speakers will have. Will the urban variety become its on dialect of Irish, or grow further apart from its Gaeltacht cousin, becoming a creole or new language?

Nach fianaise mhaith í seo, go bhfuil an Ghaeilge ag athrú? Nach gciallaíonn sin gur teanga bheo bhríomhair í an Ghaeilge? Athraíonn teangacha an t-am ar fad, agus is rud nádúrtha sin. Tá an Ghaeilge á cur in oiriúint don shaol nua-aimsire seo, agus is comhartha seo de theanga shlán. Le gairid, tháinig mé ar fhocla ar hibrid nó cros-síolach atá iontu: dáiríríously?! agus dochreideable! Fuaireas an chéad ceann ó craoltóir Bhleá Cliathach, agus an darna cheann ó chailín Gaeltachta i Rann na Feirste (mar fhreagairt don leas a bhain mé as an bhfocal dáiríríously ar Twitter). Chuala mé céard-ever freisin agus mé sa gcéad bhliain de mo bhunchéim! Píosa spraoi atá sna focla seo nuair a cruthaíodh iad, ach cuireann siad in iúl go bhfuil daoine ag éirí níos compordaí leis an bhfiric go bhfuil an Ghaeilge agus an Béarla taobh le taobh lena chéile sa tír seo agus go bhfuil sé nádúrtha go mbeadh siad sórt ‘ag labhairt lena chéile’. Ní hamháin go raibh, go bhfuil agus go mbeidh focla Béarla ag teacht isteach sa nGaeilge, ach chonacthas gur chruthaigh tionchar na Gaeilge leagan nua den Bhéarla (.i. Béarla Éireannach) ó thaobh comhréire, foghraíochta agus nathanna de. Tá focla ‘ar iasacht’ ón nGaeilge agus ón nGàidhlig le feiceáil sa mBéarla (breathnaigh ar an leathanach seo de chuid Sabhal Mòr Ostaig, thar a bheith spéisiúil!) Nuair a léigh mé na freagraí don alt sin faoi Americanisms ab fhuath le daoine, chonaic mise tionchar na Gaeilge ar Bhéarla Meiriceánach.

Tá muid uilig ar an domhan seo le chéile, ag roinnt ár gcultúir lena chéile chun comhtháthaithe a chruthú agus ciníochas agus seicteachas a scriosadh. Ceart go leor, tá teangacha ag fáil báis chuile lá, agus tá sé scanrúil go bhfuil sin ag tarlú. Ach níl an Ghaeilge ag fáil báis – go fóill. An fhadhb is mó atá againn ná go bhfuil daoine de lucht na Gaeilge ró dáiríre agus ró choimeádach. Dúirt mé seo cheana fhéin – beidh an dán céanna ag an nGaeilge ‘s a bhí ag an Laidin mura bhfuil muid cúramach. Caithfear na srianta atá curtha ar an nGaeilge ag na híonaithe a scriosadh. Is mithid dúinn teacht chun cinn na teanga a scaoileadh agus saoirse a thabhairt di ionas go mbeadh sí ina teanga bheo. (Ní hé sin le rá go scriosfar struchtúr na teanga nó go n-éireoidh muid leisciúil faoin ngramadach, ach díreach na hathruithe teanga a ligean isteach.) Is cuid den phobal í an teanga, agus cuirfear sí in oiriúint don phobal dá húsáid. Athbheochan atá i gceist againn, nó athbhreith – ciallaíonn sin go mbeidh tréithe nua ag teacht isteach sa teanga, a chabhróidh léi maireachtáil sa gcomhthéacs nua-aimsire. Mac leinn na Gaeilge Clasaicí agus na Sean-Gaeilge ag caint anseo! Is aoibhinn liom na sean-fhoirmeacha de focla agus an sean-chóras gramadaí, ach athraíonn teangacha le riachtanais an phobail dá n-úsáid. Ná bígí piúratánach, tugaigí saoirse don Ghaeilge agus sábhálfaidh sí í fhéin!

***Nuashonrú***

Chaill mé amach ar alt eile ag plé leis an díospóireacht seo i nGaelscéal, le Aonghus Ó hAlmhain. Is fiú é a léamh. 18/8
 

Advertisements

Translations

The Yeats Summer School was as inspiring as ever this year, not least because I took part in my first poetry workshop with Peter McDonald. The first step into the workshop was to send some of my poems to Peter via the Yeats Society in Sligo, and I was faced with the dilemma of providing translations for my poems written originally as Gaeilge. I decided not to think too much about it or I’d drive myself mad, so I read and translated my poems fairly swiftly and sent them off. The poems in question are ‘Caoimhín Naofa agus an Chéirseach’ and ‘Béaldath’.
I wasn’t sure how we would approach the reading of my poems in an English-language medium workshop, but as Peter is well-acquainted with the question of translation himself, there was little discomfort! I read the poems in Irish, and he read the translations in English. It must be said that Peter read them in such a way as to make them sound pretty amazing! ‘Caoimhín Naofa agus an Chéirseach’ didn’t present us with any trouble in its English guise, though the words céirseach, glinn, lomán (‘hen blackbird’, silvery-noted [of voice], ‘bare, stripped branch’) to me lost their singular strength when they required more than one word to be translated. (Also the double-meaning of the word comaoin, but I didn’t go into that at the time.) This doesn’t seem to have been a problem in Peter’s or anyone else’s eyes. However, we did come across a puzzle in ‘Béaldath’. Firstly with reference to ‘youth’ in the phrase ‘teas na n-óg‘, which I had translated at the time as ‘the heat of youth’ (when really it’s ‘the heat of the young’). ‘Youth’ as a concept in English has different connotations, of which I’m not sure that I’m aware. [Ooh, clásal coibhneasta deas as Béarla ansin!] In Irish, I think the connotations of Tír na nÓg will always come to mind when you hear the genitive na n-óg! Or maybe that’s just me? I like it, anyway. The real sticky issue we encountered was with the word smál, in the line ‘ach d’fhág tú smál orm‘. I had translated this as ‘but you left a stain on me’, with a note under the poem explaining the connotation of ‘sin’ in the Gaeilge, i.e. Muire gan Smál. Peter informed us that Mary was referred to as ‘Mary without Spot’ in Medieval English texts. (This I didn’t know, even though I studied Medieval English.) ‘Stain’ as a word just didn’t seem to work though, and this was our dilemma. I had to go away and think about it. I looked up a thesaurus for the word ‘stain’ – ‘mark’, ‘blemish’, ‘blotch’, ‘spot’, ‘smear’, ‘soil’, ‘smudge’. Hmm, we already had ‘smear’. ‘Mark’? I’m still uncertain. But out of them all, ‘mark’ is the best of a bad lot. The complexity of the Irish word can’t work in English. What to do??
Anyway, the bilingualism of my contribution to the workshop made for interesting debate. When asked why I found it so difficult to see my poems translated, I said that I was sick of seeing the Irish and Scottish Gaelic languages undermined by English translations accompanying them. To me (and to others), it suggests that the minority language can’t stand on its own, that it can’t be justified to be published on its own merit. I insisted that it wasn’t a political thing, but it’s a politico-linguistic thing, I suppose. Biddy Jenkinson came up as an example, of course. Joan McBreen said that Biddy refused to provide an English translation to one of her poems in an anthology that Joan was compiling, but agreed to provide one in French. When I heard this, I realised how silly it all is, really. French is a major language just like English, so it’s the English the Biddy has the problem with, which is political. I’m not interested in that. I opened up when Peter put it something like this: you’re killing the language by cutting it off from other languages, which are other life-sources. One poem in one language is a river flowing into the sea. It has been seen by some friends and colleagues of mine in Irish-language academia that this cutting off of Irish from other language cultures is doing the Irish-language studies more damage than good. To give the Irish and Scottish Gaelic languages a voice in modern literature, perhaps we need to be realistic and grow up. We all know the translations are not the same, but they offer a window in to the culture. Also, more readers may seek to learn the language if they can relate to the sentiment found in its translation. (For example, I’d like to learn German, so I can appreciate Goethe more.) 
Speaking of German, I was very grateful to be directed to Paul Celan amidst our discussion, whose parents died in labour camps during WW2. His use of German in his writing has been seen as an attempt to break the language, or remake it. He said “There is nothing in the world for which a poet will give up writing, not even when he is a Jew and the language of his poems is German.” Wow.
Then there’s the question of whether to use cúpla focal in an English-language poem. Why not? People put in French words all the time. Yeats started it, in a way – he was the one who brought in the Irish placenames into modern poetry. If you want to be political, you could say that the Irish words have a chance to invade the English! 
As Peter put it, creating a poem in one language and then translating it is ‘a labour of birth and a labour of grief.’ I like this analogy. It reminds me of the Mór Ríon, goddess of fertility and death. Bilingual Irish existence is a reality. Ireland will never again be lán-Ghaeilge, alas. So our language has to make friends, and stop alienating herself. This realisation has made it easier for me to be an Irish writer, and I’m sure it will make my writing more interesting too.