Lisa Hannigan :: Knots

‘Knots’ le feiceáil anois ar chainéal de chuig Lisa Hannigan ar You Tube

Amhrán is déanaí le Lisa Hannigan óna halbam nua Passenger a bheas á eisiúint i Meiriceá Thuaidh ar an 20ú Meán Fómhair, agus in Éirinn ar an 21ú lá de Dheireadh Fómhair. (Caithfidh mé a admháil gur chuir sin as dom, go raibh sé ag teacht amach i Meiriceá i dtosach, ach tá ag éirí go maith léi i Meiriceá i gcomparáid le hÉirinn, de réir cosúlachta!)
Tá blas Meiriceánach tar éis teacht ar a cuid ceoil, ceart go leor, mar is léir leis an amhrán ‘gormacha’ seo. An bhfuilim liom fhéin nuair a mheasaim go bhfuil tionchar Nick Drake le blas san amhrán seo?
Scannánaíodh an físeán seo ar bhád, a chuireann in iúl go bhfuil Lisa ag leanacht le híomhá leitheadúil na farraige a bhí ar a halbam Sea Sew.
Tá stíl na mná aoibhne seo ag dul ó neart go neart – agus cúis bhróid dom a rá go bhfuil gúna agam cosúil lena ceann sa bhfíseán seo. 😛

Advertisements