Neamhspleáchas na hAlban

saltireTá dearcadh Éireannach nó Gaelach agam ar Albain; ní fheicim uirthi mar chuid den Ríocht Aontaithe. Mar Ghael, ní aithním an Ríocht Aontaithe. Go maith conspóideach, ach sin m’fhírinn. Nuair a tháinig mé anseo, bhí mé ag fanacht le gaolta, agus bhí orthu míniú domh nach tír ann féin atá in Albain, ach gur é mar chuid den Ríocht Aontaithe atá ann. Ní ghlacaim leis sin go fóill! Ní thuigeann mo mheon sin.

Ó h-aois óg, chuir mé suim in Albain agus i gcultúr na hAlban, cionn is go raibh sé mar doppelganger don chultar s’againne. Ach bhí sé exotic ag an am chéarna. D’aithnigh mé Alban mar tír ann féin, agus go raibh féiniúlacht ar leith ag na hAlbannaigh. Rinneadh suirbhé le gairid ar mhuintir na hAlban, ag fiafraí an sainaithníonn siad iad féin mar Albannaigh nó mar Bhriotanaigh, nó mar Albannaigh agus Briotanaigh, agus dúirt an chuid is mó dóibh go measann siad gur Albannaigh amháin iad. Is ábhar dóchais é sin, ach ní chiallaíonn sin go mbeadh siad ar son neamhspleáchas na hAlban. Cad chuige sin? Más é gur pobal ar leith atá iontu, cad chuige nach bhfuil siad den bharúil go mba chóir go mbeidh cumhacht agus smacht acu féin ar a gcúrsaí féin?

Caithfidh mé a rá, tá an chuid is mó de na daoine sa chiorcal de chairde agus de dhaoine ar m’aithne anseo ar son neamhspleáchas na hAlban. Is cainteoirí Gàidhlige iad uilig nach mór, agus is dócha go bhfuil ciall ann sin. Nuair a d’fhiafraigh mé de dhaoine taobh amuigh mo chiorcal féin faoin ábhar, bhí cuma ar an scéal gur cuma leofa nó go raibh siad i gcoinne neamhspleáchais. Níl muinín acu astú féin mar phobal, is cosúil. Tá Alban “ró-bheag”. Níl an leor d’airgead acu. Tá muintir na hAlban ró-scártha óna chéile; na Gaeil, na Central Belts, muintir Inse Orc, srl. An dtig leofa teacht le chéile agus aontú ar chúrsaí? Sin cuid de na samplaí a chloisim. Samplaí maith d’ iarchoilíneachas, i mo bharúil-sa! Fosta, is minic a bhíonns daoine ag amharc ar chúrsaí in Éirinn is ag rá, “Amharc orthusan, bhuaigh siadsan neamhspleáchas agus amharc ar an drochchás ina bhfuil siad!” Och.

Sílim go gcaithfidh go mbeadh muinín ag pobal ar bith astú féin ionas go mbeadh neamhspleáchas ceart acu. Caidé atá ann i neamhspleáchas cibé ar bith? Smaointigh air. Nuair a fhágann tú teach do tuistí, bíonn amhras ort agus bíonn deacrachtaí agat i dtús báire. Ach cad chuige a fhágann tú an teach? Cionn is gur duine ar leith atá ionat, tá féiniúlacht agat féin. Creideann tú ionat féin. Tá tuairmí agus smaointí agat ar an bhóthar atá romhat. Tá FÍS agat. Caithfidh go mbeidh an rud céarna a bheith ag pobal atá i mbun neamhspleáchas a bhaint amach. Neamhspleáchas. Neamhspleáchas meoin. An bhfuil neamhspleáchas meoin ag muintir na hÉireann? Amhrasach. Thriall a leithid de Phàdraig Mac Piarais, Seamas Ó Conghaile, Dubhghlas de hÍde agus W.B. Yeats le meoin mhuintir na hÉireann a mhuscladh trí litríocht agus cultúr, chun misneacht a spreagadh. Ar éirigh leofa? In Éirinn, tá tionchar iarchoilíneach le feiceáil go fóill. Tá muid fós ag coinneáil greime ar shreanga naprúin na Sasanaigh (agus anois an Aontais Eorpa) ar bhealaí éagsúla. Rinneadh botúin, agus ní réitíonn an Éirinn sa lá atá inniu ann leis an fhís a bhí ag na ceannródaí a luaigh mé ar son na tíre. Ach sin ábhar eile…

Is pobal ar leith atá i muintir na hAlban. Tá an tír saibhir go leor, is iomaí gustal atá ag an tír. Tá stair, cultúr agus traidisiúin láidir ag na hAlbannaigh. Feictear domhsa go bhfuil cliú agus cáil ar Albain ó thaobh nuálaíochta. Tá seans ag muintir na hAlban anois féidearthachtaí a bhaint amach sa todhchaí in ainm a dtíre féin. Ní chreidim go bhfuil daoine amhrasach fós fá shaoirse ag tíortha nó pobail sa lá atá inniu ann, nuair a bhítear ag rá gur sochaí forchéimnitheach agus daonlathach atá againn! Is mithid do mhuintir na hAlban misneach agus bród a bheith acu agus dúshlán a thabhairt don status quo, cionn is go bhfuil sé rí-shoiléir nach n-oibríonn sé mar atá. Mothaím go bhfuil ré corraitheach linn in Albain, bheadh muid as ár gciall dá ligfimis dó dul thart gan páirt a ghlacadh! Tá an t-am istigh nach mór, caithfear feachtas agus díospóireacht ceart a thoiseacht gan mhoill, nó caillfear an seans fá choinne feabhas a chur ar an tír mar atá!

Advertisements