THE GAELTACHT AND IRISH: Dying, or in need of an emergency operation?

Is alt den chéad scoth é seo! Ba mhithid do dhuine éigin sin a rá! Caithfear an cheist a chur, áfach, cad chuige a lig stáit na hÉireann don chur chuige chomh naimhdeach sin i leith na Gaeilge? Is maith liom an phointe ag Diarmuid, gur tharla seo i stáit “neamhspleách”. Céard is neamhspleáchas ann? Ní hé neamhspleáchas aigne atá i gceist le stáit na hÉireann. Tá sé ar nós Stockholm Syndrome, an meon seo in aghaidh na Gaeilge. Ba mhaith liom iniúchadh éigin a dhéanamh air seo. Tá suim mhór agam in iar-choilíneachas. Bíonn gach uile duine againn ag strí le tionchar an choilíneachais ar an dtír s’ againn…

rebelbreeze

Diarmuid Breatnach

Maps showing the decline in the Irish-speaking areas, the Gaeltacht, during the life of the Irish state Maps showing the decline in the Irish-speaking areas, the Gaeltacht, during the life of the Irish state

“Irish is nearly dead as a spoken language.” A shock ran through the Irish-speaking community at the news…. but although the after-shocks reached linguists afar …. the news caused but a small ripple in Irish society at large.

It should have been big news. In only nine decades of the existence of the Irish state, the Irish-speaking areas had shrunk by 90%. This seemed to herald the imminent death of Irish as a spoken language – a language that, albeit shrunk to being the mother-tongue of small minority of the Irish population, had survived almost a millennium of colonial occupation and a consistent policy to replace it with English.

The loss would be greater than Ireland’s alone – this is an early Indo-European Celtic language of more than four thousand years of…

View original post 2,581 more words

Advertisements

Happy Yule!

<— My Yule log 🙂
I had a conversation recently with someone about my paganism, and they asked me if I practiced, i.e. did magic. It turns out they were like myself — we both read about our faith and its pratices, but didn’t get around to being active about it. I’ve decided it’s time for me to become a pagan of action!
I thought I had read somewhere about the wee ritual that I’ve undertaken tonight, but it actually must have come from my own devices. None of my sources have this simple gesture amongst their ‘spells’ or rituals. I must have tapped into the symbolism that we all share instinctively (whether folk listen to it these days or not…), and drew upon this reflection on the dark coming back into the light. All you need is a black candle, a white candle, a bit of peace, and yourself. You light the black candle, watch it burn, and reflect on whichever of these that suits (or all if you want!): a) qualities that have been dormant and hidden in you for too long; b) personal concerns or worries that you try to bury; c) events of the past year, good and bad (I know that the new year technically starts at Samhain, but you know what I mean…). You can do this all on one night, or on each night from the 20th-22nd. Then you light your white candle from the flame of the black, to signify the transition from the reign of darkness to light. Leave both lighting for a while as you visualise in your mind the transition, and figure out what it means for you. Then blow out the black candle, as the god of darkness has been defeated, and focus on the white, the victory/rebirth of the god of light. Reflect on the following in correspondence to your reflection(s) on the black candle: a) visualise the possibilities of your dormant qualities and talents, and putting them into practice; b) look forward to the days of light and imagine yourself overcoming current difficulties; c) think on what you want to achieve in the coming year. You can light your white candle for the following nights as a physical reminder of the positive outcome from your reflections.
What I love about paganism is that everyone has the power; I smiled to myself as I lit my candles on their brass candlesticks, thinking about how people feel the need to turn to priests and ministers in order to contact the divine. Nonsense — organised religion removed people from the power that they already had, herding them into churches and removing from the real divinity of Nature.
Look at the solstice at Newgrange nowadays — we used to be able to watch it on telly, then it went online with presenters that were also hooked up to the radio. Now it’s merely a live video online with no commentary or pomp whatsoever. I suppose we should be grateful that we get to see it at all! Why have we become increasingly alienated from our heritage and our humanity? People need to realise that they have to take back their traditions and their spirituality for themselves, and not let people manipulate them and make a fortune out of their souls.

Cabaret Craiceáilte

Nuachtlitir déanta ag Tomaí Ó Conghaile – an-fhont!
So bhí mé thuas (nó thíos — dar le Nicholas Williams…) i nGaoth Dobhair ag an deireadh seachtaine — den chéad uair ariamh! Yep, chuala tú i gceart mé. Ní raibh mé i dTír Chonaill (ceart) ariamh. N’fheadar cén fáth… Ceapaim anois gur chóir dom bheith ann fada fada ó shin! Táim cairdiúil le roinnt Conallaigh, agus bíonn muid ag caint is ag comhrá ar Twitter agus araile. Bím ag éisteacht le Rónán Beo, agus bhí mé ag caint ar an gclár féin faoi bhlagadóireacht na Gaeilge ar ais i mí Dheireadh Fómhair. Cloisim an-chuid tráchtanna ar Thigh Hiúdaí már lár-ionad na nGael, agus bíonn roinnt plotáil á dhéanamh ag daoine ann ar son na cúise — Réabhlóid na Gaeilge! (Tá muid i mbun na Ruabhlóide anois freisin, ach ní féidir mórán a rá faoi sin nó beidh orainn tú a mharú — t’ fhios agat a’ bharraíocht cheana!) Chuir cara liom ón gciorcal comhrá i Sligeach scairt orm chun mé a chur ar an eolas go mbeadh an Cabaret ar siúl, agus bhraith mé gur mithid dom freastal air. Ní raibh mé go maith le gairid, bhí croí trom agus spiorad lag a’m, agus bhí spraoi ag teastáil uaim. Agus bhfuil fhios a’d, b’ é an Cabaret díreach an rud a bhí de dhíth orm! 
Cé gur newbie Craiceáilte mise, bhraith mé díreach “sa mbaile” i measc an chomhluadair bhreá a bhí ann — cuireadh fáilte mhór Chonallach romham, agus táim an-bhuíoch as. 🙂 Bhí mé ag caint leis na carachtair áitiúla, agus thug siad aire dhom agus ba mhinic i rith na hoíche go ndúirt fear acu liom “‘Bhfuil tú alright?” Aww. Ní raibh aire ag teastáil, óir b’ oíche ar dóigh faoi stiúir Rónáin a bhí ann, leis an gceol agus daoine ag casadh amhrán; Na Bonny Men, An Crann Óg, Bríd Ní hIcí agus Doimnic Mac Giolla Bhríde ina measc. Cheannaigh mé an ceirnín nua ag Doimnic ag an gCabaret actually — déanann sé cóiriú spéisiúil ar na hamhráin, lena ghuth traidisiúnta féin, na píobaí agus téaduirlisí. Cheapfá gur meascán aisteach é, ach oibríonn sé! Ar nós rud eicínt as an 19ú haois. Tá sé deacair dhom é a mhíniú… Feicim íomhánna i m’intinn agus mé ag éisteacht le ceol, agus samhlaím áit lom, gruaimeach dorcha, ach tá tinte á lasadh ann… Oícheanta Geimhrí. Boladh na móna. Corrdhuine amuigh, ach daoine eile i bhfolach i dtithe. Ha, rud eicínt cosúil leis “The Darkling Thrush” ag Thomas Hardy. Fánach, t’ fhios a’m. Táim ag éisteacht leis an gceirnín anois agus mé ag clóscríobh. T’ fhios a’d go bhfuil grá, scéalta agus amhráin le fáil sna tithe sin i mo shamhlaíocht… An saol ag leanacht ar aghaidh faoin dorchadas. In ainneoin an dorchadais. Grianstad an Gheimhridh inniu, tá an stuif sin ar m’intinn. Pééééé scéal é…
Bhí orm mo chluas a chur i dtiúin leis an mblas Ultach, agus cuireadh iontas orm nuair a chuala mé “Caidé mar atá thu” — gheallfainn dhuit go raibh mé ag cloisteáil “Ciamar a tha thu” sa nGàidhlig! Dúradh liom go bhfuil an chanúint i nGaoth Dobhair go mór faoi thionchar na Gàidhlige, ach wow, ní raibh fhios a’m go raibh sé chomh láidir sin! Tá nascanna láidre idir an ceantar agus Alban, le daoine ag aistriú idir an dá háit thar na glúine. Bhí an áit feiliúnach dhomsa mar sin, agus bhí Alban le brath. [Osna] Neamh. Actually, bhí an deis a’m labhairt as Gàidhlig le cailín eile ann; bha sinn air ar dòigh ghlan, ach bhí daoine eile ag breathnú orainn sa mhéid is le rá “Céard the fuck a bhfuil sibhs on about?” Ha! Táim ag gáirí anois agus mé ag smaoineamh ar an iar-chóisir a bhí ‘ainn! Bhí cúpla duine ‘ainn i dtosach, agus ansin, shíl gang mór isteach, randomers agus píobaí uilleann ina measc! Lean leis an gceol, amhráin agus an chaint go maidin. 
An chuimhin leat an blag a scríobh mé i rith an tsamhraidh, agus bhí mé ag gearán faoin scoilt idir Gaeilgeoirí na gcathracha agus muintir na Gaeltachta? Ní raibh taithí iontach mhaith a’m sa nGaeltacht roimhe seo, agus caithfidh mé a admháil anois go raibh cuid de sin mar gheall air m’ easpa muiníne fhéin. Bhí taithí i bhfad níos difriúla a’m i nGaoth Dobhair ná mar a bhí a’m sna Gaeltachtaí eile. Nílim ag iarraidh bheith maslach in aghaidh mhuintir na nGaeltachtaí eile, ar ndóigh! Ach… Bhraith mé go raibh muintir Thír Chonaill oscailte agus bhí atmaisféar breá neamhfhoirmiúil lán de spraoi ag an gCabaret. Ní raibh éinne ró-dháiríre agus ní raibh brú ann — bhí daoine ann chun bualadh le chéile agus ceoltóirí nua a spreagadh, trí mheán na Gaeilge. Sin an aidhm a bhí ag Rónán agus an criú leis an gCabaret nuair a chuir siad tús leis sa mbliain 2008 — sult a bhaint as an gcultúr atá againn, idir stuif sean-bhunaithe agus stuif nua, agus daoine óga a mhealladh chun na teanga gan an bagáiste a bhíonns ag baint le heagraíochtaí mar Chonradh na Gaeilge. Tá ag éirí leo, dar liom, agus molaim go croíúil do dhaoine óga dul chuig an gCabaret agus gheobhaidh siad misneach iontu féin agus sa teanga (aríst). 
D’fhéadfá a rá go raibh mé ag troid leis an teanga ar feadh píosa, agus bhraith mé chomh… N’fheadar. As áit, ar an imeall? Ó thaobh na Gaeilge dhe. Ach tá Rónán agus an criú th’éis misneach agus dóchas a thabhairt dom aríst.
Dála an scéil, ag tagairt don bhlag sin aríst; thug an méid a scríobh mé le tuiscint gur chóir cainteoirí na gcathracha leanacht lena gcaint fhéin, gan bheith buartha faoi chanúintí áirithe toisc nach as na ceantair sin iad agus go bhfuil canúintí nua á gcruthú sna cathracha. Cac iomlán. IS GÁ dúinn uilig aird a thabhairt ar na canúintí a mhaireann, nó beidh siad caillte go deo. Tá an-ghaois le fáil iontu. Admhaím anois (bhuel, bím i gcónaí á admháil seo, ach pé scéal é) go bhfuil an-chuid le foghlaim den teanga a’m fós, agus níl an meon iomlán Gaelach a’m go fóill mar gheall air sin. Tuigim an scéal anois mar gheall ar mo thaithí leis a’ Ghàidhlig — táim chun canúint Earra-Ghàidheil a fhoghlaim, toisc go bhfuil sí i mbaol agus tá sí fíor-álainn. Yum yum i mo bhéal, na fuaimeanna! D’fhoghlaim mé cúpla nathanna nó frásaí agus mé ag caint le Conallaigh, agus is seodra iad! B’fhéidir go dtarraingeoidh mé cúpla tréithe Ultacha isteach. An féidir leis sin a dhéanamh? Sin plé le haghaidh blaga eile! Bhí mé ag smaoineamh go mbeidh sé go maith aistriú go Gaeilge Thír Chonaill mar gheall ar an nGàidhlig… Ach bheadh an t-idirdhealú idir an dá theanga deacair a dhéanamh i m’intinn, agus tá sé deacair go leor mar atá! Nílim chun mo bhlas a athrú, agus braithim go bhfuilim ró-chompórtach anois le Gaeilge Connachtach chun mo rogha de chanúint a athrú. An bhfuil baol ann go mbeidh mé i mo turncoat Ultach? Beidh le feiceáil…

Latha Naomh Anndra sona!

Beannachdan na fèille gam chàirdean an Alba air an latha sònraichte seo!
This is a day of national pride for the Scots, or it should be. It surprises me that St. Andrew’s day is not given the proper, official treatment it deserves — or am I? As a cog in the machine that is the ‘United Kingdom’ still, how can Scotland claim a day completely for itself, its citizens and its diaspora? A day of national pride is a dangerous thing in a union. However, I would say that on this particular St. Andrew’s day, more Scots are thinking of independence, with the notion currently taking such a central position in Scottish political discourse. 
I just thought I’d share my thoughts on this auspicious day. As a person of culture, a student devoted to the Gàidhlig language, literature, culture and heritage, and with a growing curiosity in Lallans too, I’m going to stress how important cultural movements are in the freeing of a nation/people. My background in Gaeilge, Yeats and the Irish literary and cultural renaissance reinforces my conviction that Scotland can have her freedom by entering the Uamh an Oir of her culture and facing the monsters of post-colonial hang-ups. For there to be true independence, the national mind and spirit of the people must be set as free as possible from the shackles of colonialism. Of course, this is a very idealistic proposition. Freedom hasn’t really happened fully in Ireland yet; we’re still enslaved because we haven’t dealt with our collective/native unconscious mind; we still repress the Gaelic side to our nature. Gaeilge is one of those creatures disfigured by colonialism that disgusts most people — they would rather fight her back into the cave and curse her to eternal darkness. The thing is, neglected parts of the self rise up and revolt in nasty ways and come in many guises, sectarianism being one.
I truly believe that a renaissance and promotion of Scottish culture and heritage is needed, and I’m not alone in my conviction. Hugh MacDiarmid for one clung to this belief passionately. The language movement is already beginning; from what I can see, the Scots are doing really well in their efforts for the new promotion and preservation of their languages, culture and heritage — Tobar an Dualchais is something that comes strongly to mind here. This centenary year of Somhairle MacGill-Eain’s birth has proven to be a point of acceleration towards this ideal; wouldn’t it be fitting to carry the burning torch of this year’s success into the next, lighting the way for future possibilities?

Air thòir Somhairle!

It’s quite frustrating for an Irish person when it comes to celebrating Somhairle MacGill-Eain‘s centenary birthday. I could only propogate his image and his words online through my Tumblr blog and Twitter, continue reading about Highland history, read some of his poems and have a glass of Scotch in his honour at home. I realise that there was a lecture given on Somhairle with an evening of Gàidhlig poetry and Scottish music as part of the IMRAM festival, but unfortunately I was unable to make it as I had to return to Louth. As a new Somhairle scholar, I feel like I should be at everything to do with the man, and everything to do with Gàidhlig. This, of course, is impossible. I’m only delighted that I could attend Ainmeil thar Cheudan at Sabhal Mòr Ostaig earlier this year, which was all the more fitting with the bona fide Highland backdrop and the Gàidhlig all around me. This is more comfortable (to me) than having Gàidhlig in the context of Gaeilge anyway; the time has come for Gàidhlig to stand in its own right, for the Gàidhlig voice to take precedence in describing itself and its culture, not English and not Gaeilge. (I can’t wait for the day when I can write this in Gàidhlig!) Of course, speakers of Gaeilge and speakers of Gàidhlig will always be supportive of one another, and have a special friendship of mutual understanding. They should do, anyway. I would say that it’s frustrating for Scottish people to celebrate Somhairle’s centenary birthday! I’m only beginning to fully understand how marginalised the Scottish Gael is in Scottish discourse. The people of the Gaeltacht in Ireland may feel marginalised and at odds with the prevalent ‘Irish’ culture in the rest of the country, but at least they are cherished as keepers of Ireland’s (true) culture. I think the people of the Gàidhealtachd still have a long way to go until they can feel like they can shout from the hills and rooftops with pride for the celebration of their artistic voice. It astounds me how many people have never even heard of Somhairle MacGill-Eain (or Sorley MacLean, for that matter…) That said, I took delight in the enthusiasm of those who work with Polygon (and Birlinn), who are based in Edinburgh and are the publisher of Somhairle’s new collection of poetic writings. They had tweeted to wish Somhairle a happy birthday, and I tweeted back in Gàidhlig saying how I can’t wait for my copy to arrive. They replied “Worth waiting for, it’s sublime. All madly in love with Sorley at Polygon Towers!” Aww. 🙂
I think that I have literally been standing back and gaping in awe at Somhairle since I studied his poetry quite thoroughly during my Masters. I’ve been reveling in the passion, throwing myself into learning the language and acquiring the knowledge and understanding of the context of Highland history and culture. Whenever I pick up by copy of Dàin do Eimhir or O Choille gu Bearradh, my eyes widen at the richness and complexity of the language, and I feel ashamed that I have to take a glance at the English on the facing page. (Though I am happy that I can recognise when the English translation pales in comparison to the original in terms of meaning!) It is arrogant to think that an Irish speaker can just pick up a book written in Gàidhlig and understand it. You think you’re getting the gist, then you realise that there are many ‘false friends’ and that you actually don’t get it! At this stage, I can pick up a book of short stories by Iain Mac a’ Ghobhainn and read away happily, understanding nearly every word. But Somhairle – wow. He is a true modern poet, writing about the complicated subject of the human condition in the complexity of poetic language, armed in the richness of the Gàidhlig and tradition that he inherited by birthright. You don’t take up a book of Somhairle’s poems lightly; you’re literally picking up the weight of the human condition and the richness of Gaelic (and European) culture into tentative hands. This was a man who admitted to being an avid reader of history and philosophy, and who came from a long line of tradition-bearers.
I feel that I need to acquaint myself better with the history and culture of the Highlands (hence my current reading) in order for me to be even worthy of reading this poetry, to be worthy of understanding it. (Though poetry isn’t there necesarily there to be understood, but I don’t think Somhairle was one of those pretentious poets.) I feel like… the true vision shared by Somhairle in his poetry can only be earned by becoming fluent in Gàidhlig and being well-versed in Highland (and European) culture. I am not saying that Somhairle is a provincial poet and that his poetry is relevant only to Gaelic culture – this is simply not true. His aim was to speak from his own corner of the world to the world, and he demonstrates that the experiences of one race can be applied to another’s, that we’re all in this fight for the good of humanity together. His obsession with the ‘lyrical cry’ suggests that he was in fact keeping with the role of the bard who speaks on behalf of his people; the lyric as a form historically speaks as the ‘Everyman’, expressing people’s shared experiences of love, grief, and everything in between. He frequently reaches out to and calls to other European nations throughout his poetry. In Dàn XIII of Dàin do Eimhir, Somhairle wishes to intertwine the cultural merits of nations as diverse as Scotland, Ireland, France, Spain, Greece and Norway in order to fashion a Dàn Dìreach for his beloved:
Agus uime sin bu chòir dhomh
‘n Dàn Dìreach a chur air dòigh dhut
a ghlacadh mac-meanmna na h-Eòrpa.
Bu chòir nochdadh ‘na iomchar
dianas na Spàinne gu h-iomlan,
geur-aigne na Frainge is na Grèige,
ceòl na h-Alban ‘s na h-Éireann.
Bha còir agam gach uile èifeachd
a thug Lochlann is Éire
is Alba àrsaidh do mo dhaoine
a chur cuideachd an caoine
agus an ìobairt don ioghnadh
tha geal dealbhte an clàr t’ aodann.
At the moment, I’m still learning Gàidhlig and reading reading reading. I need to come up with a proposal for my PhD on Somhairle. I still feel like I’m not worthy to be dealing with such a subject at such a level. My passion is what sets me alight and gives me the courage to go after it. The bard himself said that passion is the ingredient needed in order to create true poetry. Somhairle went on the hunt for poems and for his beloved – now I’m on the hunt for him!

Siompóisiam ar Bhlagadóireacht na Gaeilge

© Pól Ó Duibhir, 2011
Bhí an deis agam páirt a ghlacadh sa siompóisiam ar bhlagadóireacht na Gaeilge in City Arts (suite ar Ché an  Bhaitsiléara, BÁC) chun tús a chur le IMRAM Féile Litríochta 2011 ar an Aoine seo caite (14ú Deireadh Fómhair). I dtosach, caithfidh mé buíochas ar leith a gabháil le Scott de Buitléir agus Liam Carson as an bpribhléid seo a thabhairt dom.
Ní raibheas ag tnúth le go mbeadh an méid sin daoine i láthair! Amharclann beag is ea í in ionad City Arts, ach bhí teach lán againn, le daoine ag teacht isteach agus ag seasamh ar chúl in aice leis na doirse. Meascán de chuile shórt duine a bhí ann, idir sean agus óg, idir fhir agus mhná, agus bhí sin an-spreagúil. B’fhéidir gur clísé seo, ach bhraith mé go raibh ‘an-ghrá’ sa seomra! Cé go mbím cúthaileach os comhair slua d’ardchaighdeán Gaeilge, bhíos ar mo shuaimhneas de bhrí na cuideachta tharam; bhí Scott de Buitléir ina fhear an tí, agus tá muid inár gcairde le blianta anois; ar an bpainéil liom, bhí Aonghus Ó hAlmhain, cara liom ar Twitter; Máire Burns, riarthóir an leathanaigh FacebookGaeilge Amháin“; agus Alex Hijmans, úrscéalaí den chéad scoth a bhfuil cónaí air sa mBrasaíl. Bhí sé chomh deas liomsa bualadh le hAonghus agus Máire ann, toisc nach raibh ach ‘ríomhaithne’ againn ar a chéile go nuige sin. (Goidim an focal sin ó Aonghus – is iontach an comhfhocal é!) Sa ngrianghraf thuas (tógtha ó bhlag ‘An Cnagaire‘), ó chlé go deas tá Alex, mé féin, Máire, Aonghus agus Scott. Cheap muid go raibh sé feiliúnach go raibh Alex inár láthair ‘go fíorúil’ trí Skype ar an scáileán galánta Mac agus muid ag plé le teicneolaíocht na Gaeilge!
Níor mhair an phlé ach ar feadh uair a chloig, ach in ainneoin sin chlúdaigh muid cuid mhaith den ábhar. Rinneadh tagairt don ‘Bhlagtacht‘, .i. ‘blagaisféar’ na Gaeilge, nó ‘an Chiberghaeltacht‘, áit a bhfuil an deis ag Gaeilgeoirí ar fud na cruinne an teanga a úsáid go laethúil. Tá blagadóirí eolach ar a chéile, agus bíonn siad ag cur tráchtanna ar a mblaganna nó ag leanacht leis an bplé ar Twitter. Mar sin, téann Gaeilgeoirí in aithne ar a chéile, agus bíonn neart teagmhála agus comhrá ar siúl ar líne. Freisin, tá tionchar ag blagadóirí ar na meáin óir bíonn níos mó muiníne ag daoine i ngnáthdhuine eile, seachas in iriseoirí. Thug Aonghus léirmheasanna ar litríocht na Gaeilge mar shampla – bíonn léitheoirí ag roinnt a dtuairimí ar leabhair nua ar a mblaganna, agus spreagann sin plé ar an litríocht i bhfoirm tráchtanna ar an leathanach blaga nó i bhfóraim eile. Cuireadh an cheist orm faoin gcaidreamh idir an bhlagadóireacht agus an litríocht, agus dúirt mé gur céim eile atá sa mblagadóireacht chun nua-litríocht a chur chun cinn, agus as sin tá seans ann go bhfaighidh scríbhneoirí óga an deis chun a gcuid saothar a chur i gcló. Cé go bhfuil do chuid scríbhneoireachta ‘foilsithe’ de réir an dlí ar bhlag, d’aontaigh chuile dhuine go bhfuil rud eicínt ‘oifigiúil’ ag baint le leabhar nó alt i nuachtán. Maím go dtugann an bhlagadóireacht an seans do dhaoine óga muinín a bheith acu ina gcuid scríbhneoireachta féin agus í á roinnt ar líne os comhair pobail fairsinge, áit a bhfuil léitheoirí á léamh agus á spreagadh. Ní hamháin go bhfuil an bhlagadóireacht mar chéim do dhaoine óga lena ngairm scríbhneoireachta, ach tá sí mar bhreisiú don litríocht freisin; tá blag ag Alex Hijmans ag gabháil lena leabhar Favela, le caibidle nua nó ábhair nua a bhaineann leis an leabhar á roinnt air. Tá beatha nua tugtha do leabhair fiú amháin agus iad le fáil i riocht eile ar líne; tá léitheoirí in ann dul i ngleic le leabhar le cuidiú meáin eile. Mar a mhol Aonghus, tá blagadóireacht ag chur litearthacht na Gaeilge chun cinn chomh maith leis an litríocht, agus rinne Alex cur síos ar bhlaganna “mar fhuinneoga ar shiopaí liteartha na Gaeilge.”

D’aontaigh muid uilig go bhfuil cumhacht an idirlín ag neartú na Gaeilge agus ag tabhairt gutha do ghnáthmhuintir na Gaeilge. Luaigh Scott an nóisean de ‘réaltacht mhéadaithe‘ (augmented reality), le huirlisí a thugann do dhaoine radharc nó taithí ar an bhfíor-domhan ar bhealach dhíreach (nó indíreach) trí mheán eicínt, cosúil le Skype. Cé nach féidir le Gaeilgeoirí an domhain a bheith i láthair lena chéile in aon áit amháin go fisiciúil, thig dóibh a bheith i dteagmháil lena chéile go láithreach trí chumhacht an idirlín, bíodh sin ar Skype, Twitter, Facebook, agus mar sin de. Mar shampla, níl cónaí orm sa nGaeltacht, ach le cuidiú na Blagtachta nó na Cibearghaeltachta, is féidir liom Gaeilge a úsáid mar theanga laethúil ar líne. Bhí pointe faoi sin ag duine eicínt sa lucht féachana, agus dúirt sé nach gcuidíonn sin leis an teanga labhartha – rith sé liomsa nach mbíonn an deis ag daoine an Ghaeilge a chloisteáil ar líne, ach céard faoi YouTube agus Vimeo? Nach féidir linn físeáin a dhéanamh mar chuid de bhlaganna, rud a bhíonns á dheánamh ag Scott cheana fhéin?

Leis an méid seo, is féidir a rá go bhfuil pobal na Gaeilge an-láidir ar an idirlíon. Cá bhfios, b’fhéidir go bhfuil todhchaí ann don Ghaeilge anois mar gheall ar an idirlíon! Ábhar dóchais atá sa dearcadh sin. I dteannta leis an mBlagtacht agus fóraim chomhrá Gaeilge eile, tá an grúpa Facebook “Gaeilge Amháin” againn, agus mar a dúirt Máire Burns ag an siompóisiam, is é pobal atá sa ngrúpa sin, Ciberghaeltacht ina labhraíonn chuile bhall Gaeilge. Agus GAEILGE AMHÁIN! Tá cosc ar an mBéarla go huile is go hiomlán sa ngrúpa seo, mar is cóir. Tá Máire an-dian leis an riail seo a chur i bhfeidhm, ag cosaint na Gaeilge, a mbeadh faoi bhagairt an Bhéarla i ngrúpaí eile. Déanann sí cur síos ar “Ghaeilge Amháin” mar thearmann don Ghaeilge, agus mar ‘fhíorGhaeltacht’. Tá 835 ball ón ngach cearn den domhan sa ngrúpa faoi láthair, agus grúpa beo, bríomhar, idirghníomhach atá ann. Pléitear gach ábhar faoin ngrian, tugtar eolas ar fáil faoi imeachtaí a bhaineann leis an nGaeilge, agus cuirtear filíocht, prós, scéalta ar an mballa. Ní cheartaíonn éinne an Ghaeilge atá in úsáid ag duine eile, mar bíonn daoine ag foghlaim óna chéile, agus téann siad i dtaithí ar an teanga agus iad ag léamh na dea-Gaeilge á scríobh ag cainteoirí d’ardchaighdeán. Maíonn Máire nach cóir go leanfaidh daoine le “Gaeilge bhriste” – agus daoine i bhfochair na Gaeilge, tiocfaidh feabhas ar a scileanna teanga. Is ar ghnáthmhuintir na Gaeilge an teanga a chosaint agus a chaomhnú, agus is furasta sin leis an ngrá atá ag daoine dá dteanga. Bíonn Máire fhéin ag cur ranganna Gaeilge ar siúl trí Skype do dhaoine ar fud na cruinne freisin! Leanann sin leis an bpointe á chur agam thuas.

Ba mhór taithí na hócáide liom, óir bhraith mé mar chuid de phobal na Gaeilge i gceart don chéad uair. B’shin mise, i mo chathair fhéin, i measc Gaeilgeoirí eile ag a bhfuil an fhís chéanna is tá agam don teanga. Ní raibh aon ardnósachas ag baint leis an ócáid; cruinniú poiblí a bhí ann i ndáiríribh. Bhí fuinneamh ar leith sa seomra sin, agus táim ag ceapadh gur bhraith chuile dhuine go raibh an siompóisiam ag chur tús le rud eicínt… Cá bhfios?

Planet Word: Stephen Fry agus ceist na mionteangacha

Cheapas go roinnfidh mé cúpla smaoineamh ar an darna eipeasóid den tsraith Planet Word, ina dtéann Stephen Fry ar thuras teanga. Bhíos ag tnúth go mór leis an eipeasóid áirithe seo, toisc go raibh sé ag plé le cruachás mhionteangacha an domhain, an Ghaeilge ina measc. Bhreathnaigh mé air faoi dhó; ar an gcéad turas, d’fhág sé le blas searbh mé. Bhraith mé go raibh Mr. Fry ciotach le muintir na Gaeltachta; chuir sé as dom nach ndearna sé a dhícheall an Ghaeilge a fhoghrú i gceart, agus go raibh sé drochbhéasach nuair a bhain sé leas as intriachtaí as Fraincis le cainteoirí Bascaise agus Ocsatáinise (Occitan). Ar an darna turas, bhraith mé níos fearr, ach tá cúpla rud le rá agam faoi.
Anois, tá an-mheas agam do Stephen Fry – go deimhin, tá sé mar eiseamláir dom. Tá sé furasta an locht a chur ar Shasanach agus muid ag plé le hábhar íogair mar mhionlú teangacha. Is léir go bhfuil an cheist seo gar dá chroí, agus tá sé ag déanamh an-jab í a léiriú do lucht féachana coitianta. Sin ráite, measaim gur fiú dó a bhéal a choinneáil dúnta anois is aríst. Uaireantaí, tá cuma ar an scéal go bhfuil sé ag iarraidh a scileanna óráidíochta a chur in iúl seachas a bheith ag tabhairt na deise do na haoichainteoirí ar an gclár labhairt ar a n-ábhar. Labhraíonn sé thar an méid atá á rá acu go minic, agus ba cheart dó a gcuid tuairimí agus smaointí a ligean. Nach í an aidhm atá aige ná guthanna na ndaoine a chur i láthair ionas go mbeidh tuiscint níos cruinne ar cheist na mionteangacha? Is íorónta an rud é go bhfuil sé ag plé le teangacha á gcur i dtost, agus ní thugann sé an seans do na daoine a dtaithí a roinnt!
Is iad na rudaí a chur as dom go mór mór ná nár labhair na hÉireannaigh/Gaeil as Gaeilge, agus nár luadh Gàidhlig na hAlban nó Gaelg Mhanann. Rinne Fry tagairt don Bhreatnais (agus don Choirnis fiú!), ag cur TG4 i gcomparáid leis an méid atá ar siúl ag BBC Cymru. Bhí samplaí maithe tugtha dúinn de bhlas na Bascaise agus na Ocsatáinise, ach níor thug siad dúinn blas ceart den Ghaeilge á labhairt ag cainteoirí dúchais. Tosaíonn Fry lena phlé ar an nGaeilge agus é amuigh ar bhád i gConamara le hiascaire. Bhí cuma chiotach air nuair a fhiafraigh sé den iascaire an raibh sé dóchasach faoi thodhchaí na Gaeilge. Touchy subject a bhí ann, ag teacht ó Shasanach, gan amhras, agus bhí sé comhfhiosach faoi sin. Rinneadh an t-agallamh go hiomlán as Béarla, le seatanna gairide den iascaire agus a mhac ag obair ar an mbád agus ag caint as Gaeilge, ach go han-chiúin agus gan mórán á rá acu. Ceapaim gur chuala mé “just tóg é” i measc a gcuid cainte. Chun a bheith cothrom do Fry, bhí sé an-fheasach ar stair na tíre seo, agus dúirt sé féin “Imperialist Brit that I am, they’re kind enough to speak English to me, which, given the history, is quite an ask.” B’fheidir go bhfuilim ró-mhíleata uaireantaí i leith na teanga, agus b’fhéidir go mbeadh sé seafóideach duine a bheith ann ag caint as Gaeilge dó, agus duine eile á haistriú go Béarla, ach… Bhraith mé gur cheart do na hÉireannaigh agallamh a dhéanamh trí Ghaeilge, ar mhaitheas sampla a thabhairt don lucht féachana ar an teanga, agus chun é a chur in iúl gur teanga bheo bhríomhar í in áiteachaí áirithe, nó i measc pobail áirithe, ba chóir dom a rá. Bhí díomá orm. Tá taithí agam fhéin lena bheith ag obair ar chlár faisnéise leis an mBBC, agus iarradh orm freagraí a thabhairt sa dá theanga (aríst, chun blas na Gaeilge a thabhairt dá lucht éisteachta).

 

Ba mhaith an rud é gur ghlac Fry páirt in Ros na Rún, agus chuir sé an clár ar chomhchéim le Coronation Street nuair a ndearna sé cur síos air. Chonacthas dom gur bhain sé taitneamh as a bheith páirteach ann, cinnte. Chuir sé iontas orm, áfach, nár thig d’fhear léinn dá leithéid foghraíocht níos fearr a bheith aige ar an mbeagán Gaeilge a bhí le rá aige! Bhí blas an Oirthir ar a ‘go raibh maith a’d’! An bhfuil an locht ar a mhúinteoir? N’fheadar. Ach, cheapas go raibh sé spéisiúil nuair a fhoghraigh sé an focal ‘orm’ mar ‘ar-um’ [ar mé].
Is dócha gur iad na hÉireannaigh an t-aon dream lena raibh sé in ann ceisteanna díreacha a chur orthu, gan é a dhéanamh trí aistriúchán. Tá sé ciotach do Shasanach a bheith ag caint le cainteoirí mionteangacha ar mhionteanga trí mhórtheanga, go háirid caint ar an nGaeilge trí Bhéarla! Nuair a bhí sé sa seomra ranga i nGaelscoil áitiúil, chuir sé ceisteanna gairide ar na daltaí faoin leas a bhaineann siad as an nGaeilge i gcomparáid leis an mBéarla. Bhí sé á gcur go cúramach, go triaileach. Ar mheas siad gur cainteoirí Gaeilge iad i dtosach, agus cainteoirí Béarla ina dhiaidh sin? An mbíonn siad ag caint as Gaeilge amuigh sa gclós? An mbíonn siad ag téacsáil as Gaeilge? An mbaineann siad leas as an nGaeilge ar an idirlíon? An mbeadh siad in ann déileáil leis an domhan mór gan Bhéarla acu? An rud is spéisiúla a bhain sé as an agallamh seo ná nach mbíonn Gaeilge á húsáid acu agus teicneolaíocht i gceist. Ní bhíonn siad ag téascáil as Gaeilge, nó a bheith ag caint lena chéile ar Facebook trí Ghaeilge. Shainmhínigh Fry an Ghaeilge mar theanga cairdeas, mar theanga an chlóis scoile, agus an Béarla mar theanga na teicneolaíochta. D’admhaigh na daltaí go mbeadh siad caillte sa domhan mór gan Bhéarla, ach measann siad gur cainteoirí Gaeilge iad i dtosach in ainneoin sin. An rud is náirí faoin eipeasóid ná go ndúirt Fry leo “Thank goodness you do speak English or we’d be having an embarrassing time!” Hmm. An bhfuil sin le rá go mbíonn náire air chuile uair a chuireann sé duine gan Bhéarla faoi agallamh?
Ní chreidim go bhfuilim chomh crua ar Stephen Fry! Is deacair an jab sin, ábhar chomh híogair, chomh conspóideach sin á léiriú. 
Bíonn muid ag rá go bhfuil na Sasanaigh go dona, ach an bhfaca sibh na Francaigh? Mo dhuine in  l’Académie Française, duine de na ‘Immortals‘, an t-Ollamh Marc Fumaroli? Tá an ghráin dhearg (nó rua! :P) agam ar an bhfear sin!! Ag trácht ar chur faoi chois na hOcsatáinise (agus mionteangacha eile na Fraince), deir sé: “But, you know, what they have lost is not too much and in compensation they have been participated to one of the most wonderful conversations possible, the conversation in Paris, the conversation in the great towns of France. … In a period when the ‘Globish’ English is so invading, it is superfluous, I think, to take so much care of these local languages that are not leading anywhere!” Eh, CÉARD?? Tar anseo agus buailfidh mé thú! Grrrr!!
An rud is fearr faoin gclár seo ná go bhfuil Fry ag cur na ceist
e seo os comhair agus i mbéal an phobail. Is mithid do chuile dhuine a bheith ag smaoineamh ar an gceist seo, ionas gur féidir linn mionteangacha an domhain a chaomhnú.

Lá Fry i Ros na Rún

Stephen Fry on the Irish Language